Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Fáiltíonn BFS roimh Uachtarán Michael D Higgins agus Sabina Higgins ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

14 Nollaig 2023

Bhí lúcháir ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) fáilte a chur roimh an Uachtarán Michael D Higgins agus Sabina Higgins ag marquee Putting You First BFS ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Labhair speisialtóirí ó sheirbhísí túslíne arna maoiniú ag BFS faoin obair thábhachtach atá déanta acu maidir le comhairle, faisnéis agus abhcóideacht a sholáthar do dhaoine ar fud na tíre.


Mhol an tUachtarán Higgins foireann na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh as an gcúnamh agus an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do phobail ar fud na hÉireann.


Labhair foireann BFS leis an Uachtarán faoin tionscadal píolótach um Fhaisnéis do Shaoránaigh i Leabharlanna Iargúlta. Agus é maoinithe ag Ciste Nuálaíochta na hEarnála Poiblí, tá an tionscadal píolótach seo ag iarraidh rochtain níos fearr ar Sheirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh a thabhairt chuig ceantair thuaithe trína leabharlann áitiúil. Tá leabharlanna Oileán Acla, an Cheathrú Rua agus Chill Mhantáin ar na chéad láithreacha a chuir an tseirbhís nuálaíoch seo ar fáil. Bhí suim ag an Uachtarán a chloisteáil go mbeidh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge freisin.


Bhí deis ag speisialtóirí ón tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) na fadhbanna atá ag cliaint atá ag tabhairt faoin tseirbhís a roinnt leis an Uachtarán Higgins. Phléigh siad freisin an raon leathan seirbhísí a chuireann an SBCA ar fáil ina gcuid láithreacha ar fud na tíre lena n-áirítear bainistíocht airgid agus buiséadú teaghlaigh.
Labhair foireann Abhaile leis an Uachtarán Higgins faoi cé chomh tábhachtach agus atá an scéim do dhaoine atá ag streachailt le riaráistí morgáiste.

This is alt text test AOC
President and other guys

Thanks to all who visited Putting you First, we're in the Government of Ireland Village, Block 2, Row 21, Section 335, throughout the National Ploughing Championship.
If Irish Sign Language is your preferred language, our advisor is on hand to translate queries with all the services.

left arrow Back to News